Clárú

Déan an fhoirm chláraithe thíos a íoslódáil, le do thoil, líon isteach é agus cuir chuig Jaroslava Marešová ag mares.jarka@gmail.com. Ansin roghnaigh an táille thíos (iomlán/mac léinn). Teastaíonn cárta chun an íocaíocht a dhéanamh. Atreorófar thú go freastalaí slán - áit a mbeidh ort, b’fhéidir, an teanga a athrú go Béarla sa chúinne thuas ar dheis – agus iarrfar ort d’ainm agus do sheoladh ríomhphoist a líonadh isteach. Má theastaíonn uait go n-eiseofaí admháil ar d’institiúid seachas ar d’ainm féin, scríobh na sonraí isteach sa nóta. Ansin, lean ar aghaidh go dtí an íocaíocht féin.

 

Cuimhnigh, le do thoil,  nach  mbeidh an clárú críochnaithe go dtí go mbeidh an táille comhdhála faighte againn. Dúnfar an clárú ar 7 Meán Fómhair.

 

Táille comhdhála

EUR 80 (iomlán, roimh 25 Meitheamh 2017)

EUR 40 (mac léinn, roimh 25 Meitheamh 2017)

 

EUR 100 (iomlán, tar éis 25 Meitheamh 2017)

EUR 50 (mac léinn, tar éis 25 Meitheamh 2017)

 

Cuimsíonn an táille na hábhair sna fillteáin, na himeachtaí cultúrtha, an turas treoraithe i mainistir Strahov, an tram stairiúil go dtí an mhainistir, an lón ar 15 agus 16 Meán Fómhair, tae, caife agus sólaistí. Ní chuimsíonn an táille an lóistín agus dinnéar na comhdhála.

 

 

Foirm chláraithe

 

Íocaíocht

Táille iomlán

Táille mac léinn