‘Ar an Imeall i Lár an Domhain?’: An tairseachúlacht i litríocht agus i gcultúr na hÉireann agus na hEorpa

(part of a series)

Location: An Pálás Sweerts-Špork, Hybernská 3, Praha (Prague), Czech Republic

‘Ar an Imeall i Lár an Domhain?’:

An tairseachúlacht i litríocht agus i gcultúr na hÉireann agus na hEorpa

 14-16 Meán Fómhair 2017

Tá síneadh ama curtha leis an ngairm ar pháipéir don chomhdháil idirnáisiúnta a bheidh ar siúl in Ollscoil Shéarlais i bPrág, 14-16 Meán Fómhair 2017. 

 Ionad na Comhdhála: An Pálás Sweerts-Špork, Hybernská 3

Tá anois go dtí an 15 Márta len í a chur chugainn.


 

Clár na Comhdhála

Eolas Praiticiúil

Lóistín

Nótaí beathaisnéise

Achoimrí

 

 

 

Kosmas Gearrtha

 14-16 Meán Fómhair 2017

Comhdháil idirnáisiúnta in Ollscoil Shéarlais, Prág, Poblacht na Seice


 

 

Prague5

Gairm ar pháipéir

Mar is léir ón sliocht thuas as an téacs meánaoiseach Chronica Bohemorum, níl áit níos oiriúnaí ar domhan le coincheap na tairseachúlachta i gcúrsaí litríochta agus cultúir a phlé ná i bPrág, príomhchathair Poblacht na Seice. Tá ainm na cathrach Praha bunaithe ar an bhfocal Seicise práh, a chiallaíonn tairseach.  De réir na saineolaithe teanga, ní tairseach tí a bhí i gceist i ndáiríre, ach tairseach san abhainn, áth nó áit a bheadh oiriúnach chun an abha a thrasnú, mar atá i gceist san iliomad ainmneacha bailte in Éirinn. Is sa chathair álainn ársa seo ar abhainn an Vltava, a bhí i gceartlár impireachtaí agus mhór-réabhlóidí na hEorpa agus a bhfuil cáil ar leith uirthi mar lárionad do léann na teangeolaíochta agus na critice liteartha, a thionólfar an chéad chomhdháil idirnáisiúnta Gaeilge riamh i bPoblacht na Seice. Is í an tairseachúlacht i litríocht agus i gcultúr na hÉireann agus na hEorpa a bheidh faoi chaibidil ag an gcomhdháil. Pléifear coincheapa an imill agus an láir i gcúrsaí litríochta, cultúir, critice agus teanga. Cíorfar cineálacha éagsúla tairseachúlachta agus scrúdófar na léargais chultúrtha a bhíonn ag pobail a bhraitheann go bhfuil siad ‘ar an imeall i lár an domhain’.

Beidh an file Nuala Ní Dhomhnaill ina haoi speisialta ag an gcomhdháil, maraon leis na scoláirí litríochta, an tOllamh Mícheál Mac Craith OFM, Collegio San Isidore, Roma; an Dr Rióna Ní Fhrighil, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh; agus an tOllamh Alan Titley. Chomh maith leis an gclár acadúil, beidh ócáidí liteartha agus ceoil, leis na haíonna an Dr Kateřina García, an Dr Síle Denvir agus ceoltóirí áitiúla, agus beidh deis ag rannpháirtithe turas a thabhairt ar chuid de láithreacha stairiúla Phrág, ina measc an mhainistir a thóg Proinsiasaigh Éireannacha sa chathair ag tús an tseachtú haois déag, atá fós le feiceáil ar Hybernská Ulice (Sráid na nÉireannach). 

Fáiltítear roimh thairiscintí páipéir (20 nóiméad) nó roimh thairiscintí painéil (de thriúr) ar ábhair a bhaineann le gné ar bith de théama na comhdhála. Ar na hábhair a mbeadh fáilte ar leith rompu, tá:  

  • Strahov2

    Coincheap an imill i gcultúr agus i litríocht na hÉireann agus na hEorpa
  • Litríochtaí náisiúnta agus litríochtaí mionlaigh
  • Scríbhneoirí ar deoraíocht
  • An chathair mar thairseach
  • Scríbhneoirí idir dhá chultúr
  • An tairseachúlacht sa litríocht
  • An t-aistriúchán liteartha
  • Seachadadh na lámhscríbhinní i gcomhthéacs Eorpach
  • Téamaí idirnáisiúnta sa bhéaloideas
  • Teangacha mionlaigh i gcomhthéacs Eorpach
  • Oirthear na hEorpa agus litríocht na Gaeilge
  • An scríbhneoir agus coincheap na himeallachta
  • An scríbhneoireacht taistil
  • Seánraí ar imeall na canóine
  • An litríocht chomparáideach
  • Tairseacha nua – mionteangacha agus na daonnachtaí digiteacha

Josef Ant

Seol teideal an pháipéir agus achoimre (250-300 focal), nóta beathaisnéise agus sonraí teagmhála chuig markus.radvan@gmail.com roimh 31 Eanáir 2017.

Coiste na Comhdhála: an Dr Radvan Markus, Ollscoil Shéarlais, Prág; an tOllamh Brian Ó Conchubhair, Ollscoil Notre Dame; an Dr Pádraig Ó Liatháin & an tOllamh Máirín Nic Eoin, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath.

Prague 2

 

 

Facebook: ‘Ar an Imeall i Lár an Domhain?’

Twitter: @ComhdháilPraha2017

Rphost: markus.radvan@gmail.com

 

 

 

Po Staer

Po Staer Cz

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 


 

Urraitheoirí 

Tá lucht eagraithe na comhdhála fíorbhuíoch den Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála, Éire, d'Ambasáid na hÉireann i bPoblacht na Seice, den chumann EFACIS, de Chultúr Éireann agus de mhainistir Strahov as a gcuid tacaíochta. 

Department Of Foreign Affairs And Trade

 

 

 

Efacis Logo

 

 

 

Culture Ireland Logo

 

 

 

Slide1Mainistir Strahov