LÓISTÍN
Láthair na Comhdhála
An Pálás Sweerts-Špork, Hybernská 3, Prág 1; gar don stáisiún metro/tram Náměstí Republiky
Lóistín saor
Tá líon teoranta seomraí singil (ensuite) curtha in áirithe ag áras na mac léinn Kolej Komenského (Parléřova 6, Praha 6), atá suite gar do chaisleán Phrág, timpeall 25 nóiméad ó áit na comhdhála ar na tramanna 25 agus 15. Tá an praghas CZK 375/oíche (timpeall EUR 14). Tá bricfeasta ar fáil ar tháille beag breise. Íocfar an t-iomlán le hairgid tirim (coróineacha Seiceacha) díreach ar theacht daoibh go dtí an t-áras. Más maith libh fanacht i gceann de na seomraí sin, caithfear iad a chur in áirithe go luath mar beidh na seomraí ar fáil do dhaoine eile ó 30 Meitheamh. Scríobhaigí, le bhur dtoil, chuig bainisteoirí an árais ag kolej.komenskeho@kam.cuni.cz, ag lua an chóid IRELAND 2017 chun leas a bhaint as an ráta íslithe.
Óstáin agus Tithe Lóistín
Leanann liosta óstán a mholaimid. Is féidir siúl ón gcuid is mó acu go láthair na comhdhála. Tá sé tábhachtach seomraí a chur in áirithe go luath, toisc go mbíonn Prág fós an-ghnóthach i mí Mheán Fómhair. Is fíor go bhfuil an costas lóistín sách ard i lár na cathrach, ach toisc go bhfuil an córas iompair poiblí fíormhaith i bPrág, sroichfidh sibh an ollscoil go tapaidh fiú ó óstáin nach bhfuil suite díreach sa lár agus atá níos saoire dá bharr.
Óstáin gar do láthair na comhdhála
Hotel Meteor Plaza (http://www.hotel-meteor.cz/en/)
4 réalt, Hybernská 6, 2 nóiméad de shiúl na gcos ó láthair na comhdhála
Clarion Hotel Prague Old Town (http://www.clarionhotelpragueoldtown.com/en/)
4 réalt, Hradební 9, 10 nóiméad
Hotel Metamorphis (http://www.hotelmetamorphis.cz/en)
4 réalt, Malá Štupartská 5, oiriúnach d’aíonna le páistí, 10 nóiméad
Hotel Ibis Old Town (http://www.ibis.com/gb/hotel-5477-ibis-praha-old-town/index.shtml)
3 réalt, Na Poříčí 5, 5 nóiméad
Central Hotel Prague (https://central-hotel-prague.com/en/)
3 réalt, Rybná 8, 10 nóiméad
Hotel Axa (http://www.axa-hotel.cz/)
3 réalt, Na Poříčí 40, 10 nóiméad
Penzion Platan (http://www.platan.cz/)
teach lóistín, Revoluční 24, 5 nóiméad
Óstáin agus tithe lóistín sa cheantar Karlín
(cúpla nóiméad ar an metro ó láthair na comhdhála, i bhfad níos saoire)
Pension Alice (http://www.penzion-alice.cz/en/)
teach lóistín, Sokolovská 30, stáisiún metro Florenc
B&B Hotel Prague City (http://www.hotelbb.cz/en/portal/index.html)
3 réalt, Prvního pluku 29, stáisiún metro Florenc
Hotel Karlín (https://www.hotelkarlin.cz/)
3 réalt, Sokolovská 161/71, stáisiún metro Křižíkova
Pension Aaron (http://www.prague-accommodation.cz/pension-aaron/en/uvod)
3 réalt, Křižíkova 42, stáisiún metro Křižíkova